Conas an leathanach baile a shocrú

Taispeánfar duit anseo conas aon leathanach gréasáin atá uait a oscailt go huathoibríoch nuair a thosaítear Firefox nó nuair a chliceálann tú ar an gcnaipe Baile Home Button.

Do leathanach baile a shocrú nó a athrú

  1. Oscail an leathanach gréasáin is mian leat a úsáid mar do leathanach baile i gcluaisín.
  2. Tarraing an cluaisín sin agus scaoil ar an gcnaipe Baile Home Button é.
    Home Page 29 - WinXPHome Page 29 - Win8Home Page 29 - MacHome Page 29 - Linux
  3. Cliceáil ar chun an leathanach sin a shocrú mar do leathanach baile.

Leid: Tá tuilleadh socruithe don leathanach baile ar fáil san fhuinneog RoghannaSainroghanna .

  • Cliceáil ar an gcnaipe roghchláir New Fx Menu, ansin pioc RoghannaSainroghanna agus ansin roghnaigh an painéal Ginearálta.
    • Ón roghchlár anuas is féidir leat roghnú go ndéanfaidh Firefox leathanach bán a thaispeáint agus é ag tosú, nó do chuid fuinneog agus cluaisíní ón seisiún roimhe seo a thaispeáint.
    • Is féidir leat níos mó ná cluaisín amháin a shocrú don leathanach baile freisin: Oscail gach leathanach i gcluaisín ar leith, ansin cliceáil ar Úsáid na Leathanaigh Reatha.

An leathanach baile réamhshocraithe a chur ar ais

Más mian leat aon saincheapadh atá déanta agat ar an leathanach baile a scriosadh, is mar seo a dhéantar é:

  1. Cliceáil ar an gcnaipe roghchláir New Fx MenuFx57Menu, ansin pioc Roghanna.Sainroghanna.
  2. Roghnaigh an painéal Ginearálta.
  3. Sa bhosca Tosú faoi "Leathanach Baile:", cliceáil ar an gcnaipe Cuir na réamhshocruithe ar ais.
    restore default fx38
  4. Cliceáil ar OK chun an fhuinneog Roghanna a dhúnadh.Cliceáil ar Dún chun an fhuinneog Sainroghanna a dhúnadh.Dún an fhuinneog Sainroghanna. Dún an leathanach about:preferences. Sábhálfar aon athrú atá déanta agat go huathoibríoch.

An bhfuil fadhbanna agat?

Tá an réiteach orthu againn:

An bhfuil tú sásta leis an alt seo?

Fan go fóill, le do thoil...

These fine people helped write this article:

Illustration of hands

Volunteer

Grow and share your expertise with others. Answer questions and improve our knowledge base.

Learn More